Homepage – IE

Climate Action Hub

Is maith an rud é dul i ngleic lenár n-astaíochtaí carbóin dár bplainéad, dár ngeilleagar agus do do ghnó. Soláthraíonn an foireann uirlisí seo bealaí praiticiúla duit chun tosú ag gníomhú.

Tosaigh do thuras anois
1 Tabhair roinnt faisnéise faoi do ghnó thíos le do thoil

Sector

Size

Buildings

Step 1 of 5
An chaoi ina n-oibríonn sé
An chaoi ina n-oibríonn sé

Cad a bheidh ag teastáil uait

  • Billí fuinnimh nó sonraí úsáide
  • Billí Uisce nó sonraí úsaide
  • Billí Dramhaíola nó sonraí meachán
  • Taisteal na cuideachta nó sonraí lasta

Ríomh

  • Cuir isteach an fhaisnéis iarrtha
  • Féach ar mheastachán do lorg carbóin
  • Faigh do phlean gníomhaíochta oiriúnaithe

Gníomh

  • Cuir tús le do thuras saor ó charbón trí do phlean a chur i bhfeidhm céim ar chéim!
  • Cruthaigh cuntas chun rochtain a fháil ar do phlean oiriúnaithe agus é a roinnt le comhghleacaithe
Cúiseanna chun tosú inniu

Tá athrú aeráide anseo, agus tá a éifeachtaí millteacha. Caithfimid oiriúnú go práinneach d’fhonn ár rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (AGCTanna) a laghdú agus ullmhú do thodhchaí níos fearr. Tá baint mór ag gnóthaí bheaga. Ó na táirgí a cheannaímid, go dtí an fuinneamh a úsáidimid, agus na seirbhísí a theastaíonn uainn, tá go leor bealaí ann chun difríocht a dhéanamh.

Soláthraíonn an foireann uirlisí seo gníomhortha praiticiúla agus cost- éifeachtúil is féidir le gach gnó a dhéanamh chun tacú leis an gclaochlú seo agus chun athléimneacht a thógáil. Faigh tuilleadh eolais faoi athrú aeráide anseo.

Cúiseanna go bhfuil sé ríthábhachtach inbhuanaitheacht a chur isteach i do ghnó:

  • Tá sé tábhachtacht do do chustaiméirí. Tá soláthraithe atá inbhuanaithe á lorg ag custaiméirí. Cuireann tú luach le do tháirge nó seirbhís trína thionchar carbóin a laghdú. Is mór ag custaiméirí trédhearcacht: is
    dea-chleachtas gnó é d’astaíochtaí a thomhas agus a thaispeáint go láidir.
  • Tá sé tábhachtacht do do bhaill foirne. Braitheann tallann a mhealladh agus a choinneáil ar a luachanna agus a n-ionchais a mheaitseáil. Spreagfaidh agus meallfaidh d’fhoirne a bheith i d’fhostóir inbhuanaithe, feasach ar an gcomhshaol, agus na scileanna agus an t-eolas atá ag teastáil ó do chuideachta á bhforbairt.
  • Is féidir leis cabhrú le do ‘bhunlíne’. Tá sé tábhachtacht a bheith éifeachtach maidir leis an gcaoi a n-úsáideann do ghnó acmhainní ábhartha agus fuinnimh. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé cost-éifeachtúil agus brabúsach freisin do ghnó a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní nó táirgí nó seirbhísí inbhuanaithe nua a sholáthar.
  • Cruthaíonn sé gnó níos athléimní. Braitheann rath fadtéarmach gnó ar oiriúnú d’athruithe sa mhargadh. Cruthóidh an t-aistriú go carbón íseal ár ngeilleagar sna deich mbliana amach romhainn. Tríd ag ullmhú anois chun rathú san aistriú seo beidh buntáiste iomaíoch agat.
Be Part of the Zero Carbon Transformation
12264

users viewed climate action report

3697

subscribers

107562

total views

1811

registered users